2 Meitheamh 2006

Sraith Úr Na dTeanór don Samhradh ar RTÉ


Amhránaí úr i gcomhluadar Finbar agus Anthony
 
Click here for English

Cuirfear tús le féile cheoil san oíche anocht nuair a chuirfeas na Teanóir Éireannacha sraith chlár de cheol ar RTÉ ag 9.30 in.

Mar is eol don domhan, is iad na Teanóir Éireannacha Anthony Kearns, Finbar Wright agus, an guth is nua den ghrúpa, Karl Scully, agus le linn na ndeich seachtaine beidh roinnt aíonna acu a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu féin i saol an cheoil.

Ag cur tús leis an tsraith úr, ceolfaidh Brian Kennedy, atá ar ais arís sa tír i ndiaidh dó 9 áit a bhaint amach i gComórtas Cheol na hEorpa, ar an chlár, chomh maith le Rebecca Storm, bean a bhfuil aithne uirthi as na seóanna uilig atá déanta aici, a leithéid mar Blood Brothers, agus atá ina cónaí i gCill Dara.

Ach níl ansin ach tús den fhéirín ceoil a bheas ar fáil le linn an chláir, atá déanta ag Mind the Gap Films, measc na gceoltóirí mór le rá, seachas na Teanóir féin, beidh Andrew Lloyd Weber ar an chlár, Hayley Westenra, Shayne Ward, Sharon Shannon, Paul Carrick , Peter Grant agus Lucia Evans agus Paul Bryron.

Is cinnte go mbeidh an clár leis na Teanóir Éireannacha, a bhfuil ocht albam rathúla cruthaithe acu le seacht mbliana anuas, ina fhaoiseamh do go leor daoine a bheas ag iarraidh an sacair a sheachaint, sna seachtainí atá romhainn!






Na hamhránalthe: Finbar Wright, Anthony Kearns agus an ball nua, Karl Scully


Bhí comhfhreagraí Lá Maire Nic Phedair (lár an lin chúll), I laáthair ag coirm cheoll leis leis an Triúr Teanór I Florida ar na mallalbh. Sa phictúir tá Finbar agus Anthony (ar chlé)
Top | Home | Photographs | Concert Schedule | Recordings | Archives | Press Articles | Links


Contributions or comments please write to the Webmaster
"The Little Yellow Bus" Tenors Tour Site! © Marie L.Collins 2003. All Rights Reserved.